Treoir ar Bhéarlagair Aeráide

Buail leis an bhfoireann!

Dia Duit! Is grúpa de dhaoine óga muid ó Chomhairle na nÓg. Tugann Comhairle na nÓg an deis do leanaí agus do dhaoine óga, ar nós muide, a bheith páirteach chun seirbhísí áitiúla agus beartais áitiúla a fhorbairt. Tá ríméad orainn go rabhamar páirteach sa tionscadal seo ón gcéad lá. Chuidíomar na téarmaí ar ghá míniú a thabhairt ina leith a roghnú, agus d’oibríomar le Roinn an Taoisigh lena chinntiú go raibh na mínithe sothuigthe. Bhí ionchur againn maidir leis an suíomh seo a dhearadh. Tá súil againn go mbainfidh tú an oiread suilt as a bheith á úsáid agus a bhaineamar as cuidiú ina leith!
Chuidigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le Roinn an Taoisigh lena chinntiú go raibh na mínithe cruinn de réir na heolaíochta.
D’oibrigh an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh le Roinn an Taoisigh lena chinntiú go raibh an láithreán gréasáin agus na téarmaí scríofa agus curtha i láthair i mBéarla simplí. Bronnadh an Marc “NALA Plain English” ar an láithreán gréasáin agus ar na téarmaí araon.

Cuardach de réir téarma

Tabharfar an láithreán gréasáin cothrom le dáta chun tuilleadh téarmaí a chur leis agus fáilteoimid roimh do chuid aiseolais agus roimh do chuid smaointe.
Mura dtagann do théarma aníos nó má tá aiseolas agat, cuir sin in iúl dúinn.