Le Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid an Rialtais, tugtar tacaíocht do thionscnaimh agus do thionscadail a chabhraíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de. Tugtar tacaíocht do thionscadail nach dtarlódh dá uireasa, leis an gciste sin. Spreagtar tionscadail nuálacha chun réitigh ar an athrú aeráide a fhorbairt freisin.
Is féidir tuilleadh eolais faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide a fháil ag www.gov.ie/en/publication/de5d3-climate-action-fund