Córas Eorpach chun lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil. Is cuid de bheartais an Aontais Eorpaigh um ghníomhú ar son na haeráide é. Oibríonn sé trí bhíthin teorainn, a íslítear in imeachta ama, a chur ar an méid iomlán gáis ceaptha teasa is féidir a bheith scaoilte ag:
- aerlínte
- stáisiúin chumhachta, agus
- gníomhaíochtaí tionsclaíocha mórscála eile.
Tugtar suiteálacha orthu sin agus tá thart ar 100 suiteáil ag teacht faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an AE in Éirinn.
Faoin gcóras, faigheann nó ceannaíonn na suiteálacha sin lamháltais astaíochtaí. Féadfaidh siad iad sin a thrádáil le suiteálacha eile, de réir mar is gá. Is ionann gach lamháltais astaíochtaí agus tonna de dé-ocsaíde carbóin.
Caithfidh suiteáil go leor lamháltas a bheith aici gach bliain chun a hastaíochtaí ar fad a chuimsiú, nó gearrtar fíneáil uirthi.