Is éard a chiallaíonn éifeachtúlacht fuinnimh, níos lú fuinnimh a úsáid chun an toradh céanna a bhaint amach.
Sampla: ach teach a insliú, teastaíonn níos lú fuinnimh chun é a théamh go dtí an leibhéal is gá. Ach coire níos éifeachtúlaí a chur in áit seanchoire, úsáidtear níos lú fuinnimh chun an méid teasa a bhfuil gá leis a chur ar fáil.
Sampla: is féidir linn éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú ach an tslí a ndéanaimid rudaí a athrú, amhail soilse agus gléasanna leictreonacha a mhúchadh nuair nach bhfuil siad in úsáid againn.
Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi éifeachtúlacht fuinnimh i do theach ar www.seai.ie/home-energy/