‘An cumas obair a dhéanamh’ an cur síos a dhéantar de ghnáth ar fhuinneamh. I measc na gcineálacha fuinnimh a úsáidimid gach lá tá:
- rud éigin a bhogadh
- foirgneamh a théamh
- seomra a lasadh.
I measc na gcineálacha coitinne fuinnimh tá:
- teirmeach
- ceimiceach
- leictreach
- meicniúil.
Is féidir fuinneamh a thiontú ó fhoirm amháin go foirm eile.
Sampla: is féidir an fuinneamh meicniúil sa ghaoth a aistriú go fuinneamh leictreach, a úsáidimid ansin chun ár dtithe a lasadh agus a théamh.