Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht is ciall le LULUCF. Earnáil nó catagóir a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí agus iad a thuairisciú. Ag brath ar an tslí a mbaintear úsáid as an talamh, féadfaidh sé a bheith ina:
- fhoinse astaíochtaí
nó
- ina linn charbóin.
Déantar rialáil ar LULUCF faoi dhlí an AE. Freisin, caithfidh Rialtais tuairisc a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe ar astaíochtaí LULUCF agus ar bhaint gháis ceaptha teasa de bharr thalamhúsáidí éagsúla agus cleachtais éagsúla um bhainistiú talún. Áirítear orthu sin:
– dífhoraoisiú
– foraoisiú
– tailte móna a dhraenáil
– curaíocht agus talamh a úsáid le haghaidh innilt ainmhithe.