Foirgnimh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard acu. Ciallaíonn sin nach dteastaíonn uathu ach méid an-íseal fuinnimh, agus foinsí fuinnimh inathnuaite go príomha mar bhreosla dóibh, sna tithe sin nó in áit máguaird. Beidh tithe NZEB 70% níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh agus scaoilfidh siad 70% níos lú dé-ocsaíd charbóin ná na tithe a tógadh faoi rialacha tógála roimhe seo.
Sampla: Caithfidh tithe nua a bheith ina bhFoirgnimh Nach Mór Neodrach ó thaobh Fuinnimh (NZEB) agus is “A2” an Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) a bhíonn acu, de ghnáth. Bíonn ardleibhéal inslithe sna tithe sin. Córais aerála mheicniúla a bhíonn iontu, chomh maith le córais téimh inathnuaite nó grianphainéil.
Is féidir tuilleadh a fháil amach ar www.gov.ie/en/publication/39fe4-energy-performance-of-buildings/