Plean bliantúil an Rialtais é seo ina leagtar amach an tslí a gcomhlíonfaimid ár ngealltanas aeráide agus an tslí a mbainfimid spriocanna aeráide AE agus idirnáisiúnta amach. Leagtar 183 ghníomh chomh maith le breis is 600 beart aonair atá dírithe ar dhul i ngleic le hathrú aeráide i bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019. Foilsítear tuairiscí gach ráithe, agus léirítear an dul chun cinn atáimid a dhéanamh iontu sin.
Foilseofar an chéad Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide eile níos deireanaí sa bhliain 2021 agus cuirfear spriocanna nua, níos uaillmhianaí na hÉireann san áireamh ann.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus faoi na Tuairiscí ar Dhul Chun Cinn ag www.gov.ie/climateaction