Sraith dlíthe AE ina leagtar amach spriocanna bliantúla ó thaobh astaíochtaí do Bhallstáit atá ceangailteach ó thaobh an dlí. Cuimsítear leo na tréimhsí 2013-2020 agus 2021-2030. Baineann na spriocanna náisiúnta bliantúla sin le hearnálacha nach gcuimsítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an AE (EU ETS) amhail iompar, talmhaíocht agus dramhaíl.
Bunaítear na dlíthe sin ar chomh-iarrachtaí na mBallstát ar fad chun astaíochtaí a laghdú.
Áirítear ar na dlíthe an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill (2013-2020) agus an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (2021-2030).