Is iad na Náisiúin Aontaithe a cheap na Spriocanna (17 sprioc ar fad) chun dul i ngleic leis na dúshláin phráinneacha chomhshaoil, pholaitiúla agus eacnamaíocha atá roimh an domhan faoi láthair. An sprioc deiridh atá acu, deireadh a chur le bochtaineacht fad a chosnaítear an domhan agus a gcruthaítear fás eacnamaíochta.
Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoin dul chun cinn atá déanta ag Éirinn i dtaobh na SDGanna a bhaint amach ar Mol na hÉireann maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (geohive.ie)
Is iad na 17 sprioc:
- Deireadh le Bochtaineacht
- Deireadh le hOcras
- Dea-Shláinte agus Folláine
- Oideachas Ard-Chaighdeáin
- Cothromas Inscne
- Uisce Glan agus Sláintíocht
- Fuinneamh Glan agus Inacmhainne
- Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch
- Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus bonneagar
- Neamhionannas Laghdaithe
- Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe
- Tomhaltas agus Táirgíocht Fhreagrach
- Gníomhú ar son na hAeráide
- An Saol Faoi Uisce
- An Saol ar Talamh
- Síocháin, Ceartas agus Institiúidí Láidre
- Comhpháirtíochtaí ar son na Spriocanna
Téarmaí Gaolmhara: