Téarma na Seachtaine
Breoslaí Iontaise
Breoslaí – amhail gual, gás, móin agus ola – a chruthaítear sa talamh in imeacht na mílte nó na milliúin bliain, as plandaí agus ainmhithe marbha, agus a ídítear go hiomlán nuair a dhóitear iad chun fuinneamh a fháil.
Téarmaí Gaolmhara:
Meatán / CH4
Is ó fhoinsí amhail talmhaíocht, breoslaí iontaise agus dramhaíl a thagann an gás ceaptha teasa cumhachtach seo. Is féidir é a úsáid mar bhreosla. Mar shampla, is meatán den chuid is mó atá i ngás nádúrtha. Is é an dara rud is mó a chuireann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa in Éirinn.
Biomeatán
Gás a ghintear go nádúrtha a bhfuil próiseáil déanta air agus is féidir a úsáid mar fhoinse fuinnimh inathnuaite. Gintear é trí bhíthin ábhar amhail plandaí agus ainmhithe.
Astaíochtaí Meatán Bithghineach
Is é is Meatán Bithghineach ná meatán a tháirgeann agus a scaoileann orgánaigh bheo amhail plandaí agus ainmhithe. Cuireann meatán go mór le téamh domhanda (féach sainmhíniú ar mheatán).
Samplaí de na háiteanna as a dtagann an gás seo: goilí bó agus fásra atá ag lobhadh.
Cuardach de réir catagóire
Cuardach de réir téarma
Mura dtagann do théarma aníos nó má tá aiseolas agat, cuir sin in iúl dúinn.
